Select date
Muire na Bhróin
Leabhar Eabhraigh 5,7-9.
Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.
Ach bíodh gurb é Mac Dé é, d’fhoghlaim sé an umhlaíocht ó na nithe a d’fhulaing sé.
Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó
Ach bíodh gurb é Mac Dé é, d’fhoghlaim sé an umhlaíocht ó na nithe a d’fhulaing sé.
Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó
Leabhar na Salm 31(30),2-3a.3bc-4.5-6.15-16.20.
Is chugat, a Thiarna, a thagaim ag lorg tearmainn;
nár dhéantar mo náiriú go brách.
Saor mé de réir d’fhíréantachta,
Éist liom agus brostaigh chun m’fhuascailte !
Bí i do charraig choimirce dom:
i do dhaingean do mo chosaint is do mo tharrtháil.
Óir is tú mo charraig agus mo chaiseal;
seol mé agus treoraigh mé as ucht d’ainm.
Scaoil mé ón ngaiste a cuireadh i bhfearas romham,
óir is tú mo dhídean, a Thiarna.
Do do láimhse a thiomnaím m’anam,
óir is tú a cheannaigh mé a Thiarna.
Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna,
deirim: “Is tú mo Dhia.”
Tá m’anam ag brath ort,
saor mé ón namhaid is ó chách ar mo thóir.
Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agat
don dream lenarb eagal tú,
a thugann tú don mhuintir a thriallann ort
i bhfianaise na hÁdhamchlainne.

Soiscéal Naofa Íosa Críost de réir Eoin 19,25-27.
Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana.
Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.”
Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.
Sliocht as na h-aistriúcháin liotúirgeacha an Bhíobla - © An Sagart, Maigh Nuad 2000, Éire
- Seirbhís saor in aisce ó Soiscéal an Lae - Chun r-phost len Soiscéal a fháil gach lá ar maidin, soiscealanlae.org