Select date
An tOchtú Domhnach Fichead Saor
Leabhar Íseáia 25,6-10a.
Ullmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta, de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróin a bhí ag clúdach na gciníocha go léir, agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile;
cuirfidh sé an bás ar ceal go deo. Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir; tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile; óir is é an Tiarna a dúirt é.
Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh; is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis. Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;
óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo. Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin, mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;

Leabhar na Salm 23(22),1-3a.3b-4.5.6.
Is é an Tiarna m’aoire:
ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Cuireann sé féin i mo luí mé
i móinéar féir ghlais.
Seolann sé ar imeall an uisce mé
mar a bhfaighim suaimhneas.
Seolann sé ar shlí na fíréantachta mé
mar gheall ar a ainm.
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais,
níor bhaol liom an t-olc
agus tú faram le do shlat is do bhachall
chun sólás a thabhairt dom.
Cóiríonn tú bord chun béile dom
i láthair mo naimhde.
Ungann tú mo cheann le hola;
tá mo chupa ag cur thairis.
Leanfaidh cineáltas is buanghrá mé
gach lá de mo shaol;
i dteach an Tiarna a mhairfidh mé
go brách na breithe.

Litir Naomh Pól chuig na Filipigh 4,12-14.19-20.
Tá eolas agam ar an gcaolchuid agus ar an bhflúirse. Tá seantaithí agam ar gach sórt: ar an mórdhóthain agus ar an ocras, ar an bhflúirse agus ar an ngannchuid.
Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.
Mar sin féin ba mhaith an mhaise daoibhse teacht i gcabhair orm i mo chruachás.
Agus déanfaidh mo Dhia riar go fial ar gach riachtanas daoibhse as a fhlúirse féin i nglóir in Íosa Críost.
Moladh le Dia, ár nAthair, le saol na saol. Amen.

Soiscéal Naofa Íosa Críost de réir Mhatha 22,1-14.
Chuir Íosa chun labhartha i bparabail leo arís:
“Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag rí a rinne bainis dá mhac.
Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht.
Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: ‘Feach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.’
Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun cheannaíochta,
agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad.
Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.
Ansin dúirt sé leis na seirbhísigh: ‘Tá an bhainis réidh, ach an dream a fuair an cuireadh, níorbh fhiú iad é.
Mar sin, téigí sibhse i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.’
Chuaigh na seirbhísigh sin amach ar na bóithre agus bhailigh siad ar casadh orthu, olc agus maith, go raibh halla na bainise lán de chuideachta.
Ghabh an rí isteach ag féachaint ar an gcuideachta, agus chonaic sé fear ann nach raibh aon éadach bainise air.
Dúirt sé leis: ‘Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?’ Ach ní raibh focal as.
Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caítear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
Óir tá glaoite ar mhórán ach níl tofa ach beagán.”
Sliocht as na h-aistriúcháin liotúirgeacha an Bhíobla - © An Sagart, Maigh Nuad 2000, Éire
- Seirbhís saor in aisce ó Soiscéal an Lae - Chun r-phost len Soiscéal a fháil gach lá ar maidin, soiscealanlae.org