Select date
Aoine na Dara Seachtaine Fichead, Tráth Saor
Litir Naomh Pól chuig na Colosaigh 1,15-20.
Is íomhá den Dia dofheicthe é agus céadghin gach dúile cruthaithe
mar is trídsean a cruthaíodh a bhfuil ar neamh agus ar talamh bídís sofheicthe nó dofheicthe, idir Thróin agus Thiarnais idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí. Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t-iomlán.
Tá tosach aige orthu uile agus is ann a choinnítear ar bun iad.
Is é ceann an choirp é, ceann na hEaglaise. Is é an tús é, an chéadghin ó mhairbh i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.
Mar is ann ab áil le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,
agus is trídsean ab áil leis gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt chun athmhuintearais leis féin, agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.

Leabhar na Salm 100(99),2.3.4.5.
Gairdígí don Tiarna, a thíortha uile,
fónaigí don Tiarna go lúcháireach.
Tagaigí ina láthair le h-amhráin áthais.
Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann.
Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn.
Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.
Gabhaigí buíochas leis ag dul isteach ina dhoirse daoibh.
Siúlaigí isteach ina chúirteanna le cainticí.
Tugaigí moladh dó agus móraigí a ainm.
Nach maith é go deimhin an Tiarna;
maireann a bhuanghrá go brách.
Is dílis é ó ghlúin go chéile.

Soiscéal Naofa Íosa Críost de réir Lúcáis 5,33-39.
Dúirt siad leis: “Bíonn deisceabail Eoin ag troscadh go minic agus ag déanamh urnaithe, agus deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéanna; ach iad seo agatsa, bíonn siad ag ithe agus ag ól.”
Dúirt Íosa leo: “An féidir libh a thabhairt ar ógánaigh na bainse troscadh a dhéanamh, le linn don fhear nuaphósta bheith leo?
Ach tiocfaidh na laethanta, agus nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, ansin déanfaidh said troscadh sna laethanta sin.”
Agus dúirt sé parabal leo: “Ní shracann aon duine píosa as casóg nua lena chur mar phreabán ar sheanchasóg: má dhéanann, beidh an chasóg nua sractha aige, agus fós ní réiteoidh an preabán as an gcasóg nua leis an sean.
Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíón nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí.
Ach fíon nua i seithí nua is cóir a chur.
Agus ní áil le haon duine an nua tar éis dó an sean a ól; óir deir sé: ‘Is é an sean an fíon maith.’”
Sliocht as na h-aistriúcháin liotúirgeacha an Bhíobla - © An Sagart, Maigh Nuad 2000, Éire
- Seirbhís saor in aisce ó Soiscéal an Lae - Chun r-phost len Soiscéal a fháil gach lá ar maidin, soiscealanlae.org