Select date
Naomh Máire Mhaigdiléana
Laoi na Laoithe 3,1-4a.
Ar mo leaba dom i gcoim oíche a loirg mé grá m’anma, a loirg mé agus ní bhfuair.
Éireoidh mé, cuardóidh mé, tríd an mbaile, trí na sráideanna, lorgfaidh mé grá mo chroí. – Má loirg, ní bhfuair.
Theagmhaigh liom na gardaí ar a gcuairteanna tríd an mbaile: “An bhfaca sibh grá mo chroí?”
Ní fada a ghabh mé tharstu gur theagmhaigh grá mo chroí liom. Rugas greim air nach scaoilfidh mé go dtabharfaidh mé isteach é i dteach mo mháthar i seomra mo bhuime.

Leabhar na Salm 63(62),2.3-4.5-6.8-9.
A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim,
tá íota tharta ar m’anam chugat.
Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat
amhail talamh túr tirim gan uisce.
Is mar sin a bhínn ag amharc ort san ionad naofa
d’fhonn go bhfeicfinn do ghlóir is do chumhacht.
De bhrí gur fearr ná an bheatha féin do bhuanghrá,
canfaidh mo bheola do mholadh.
Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thú
agus ardóidh mé mo lámha i d’ainmse.
Líonfar m’anam mar a líonfaí le fleá é,
agus molfaidh mo bhéal le ríméad thú.
Óir ráinig tú i do chúntóir agam,
agus gairdím faoi scáth do sciathán.
Tá m’anam ag cloí go dlúth leat,
agus coinníonn do dheaslámh suas mé.

Soiscéal Naofa Íosa Críost de réir Eoin 20,1-2.11-18.
Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama.
Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa. “Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.”
Agus bhí Máire ina seasamh lasmuigh in aice an tuama agus í ag gol. Sa ghol di chrom sí síos agus d’fhéach isteach sa tuama,
agus chonaic an dá aingeal in éidí geala ina suí mar ar luigh corp Íosa, aingeal acu ag an gceann agus an t-aingeal eile ag na cosa.
“Cén fáth a bhfuil tú ag gol, a bhean,” ar siad léi. “Mar gur thóg siad mo Thiarna,” ar sí leo, “agus nach eol dom cár chuir siad é.”
Arna rá sin di, d’iompaigh sí thart agus chonaic sí Íosa ina sheasamh ansiúd ach nár aithin sí gurbh é Íosa é.
Dúirt Íosa léi: “A bhean, cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?” Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: “A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é.”
“A Mháire,” arsa Íosa léi. D’iompaigh sise agus dúirt as Eabhrais: “Rabúnaí,” is é sin le rá: “A Mháistir!”
“Scaoil liom!” arsa Íosa léi, “óir ní dheachaigh mé suas chun an Athar fós; ach imigh chun mo bhráithre agus abair leo: ‘Táim ag dul suas chun m’Atharsa agus chun bhur nAtharsa, chun mo Dhé-se agus chun bhur nDé-se.’”
Tháinig Máire Mhaigdiléana leis an scéala do na deisceabail: “Chonaic mé an Tiarna,” agus go ndúirt sé na nithe sin léi.
Sliocht as na h-aistriúcháin liotúirgeacha an Bhíobla - © An Sagart, Maigh Nuad 2000, Éire
- Seirbhís saor in aisce ó Soiscéal an Lae - Chun r-phost len Soiscéal a fháil gach lá ar maidin, soiscealanlae.org