Select date
Naomh Maitiú, Aspal agus Soiscéalaí
Litir Naomh Pól chuig na hEifisigh 4,1-7.11-13.
Táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh
agus sibh a bheith lán d’uirísle, de láchas agus d’fhoighne. Cuirigí suas go carthanach le chéile
agus déanaigí bhur ndícheall chun an aontacht a thagann ón Spiorad a choimeád faoi cheangal na síochána.
Aon chorp amháin agus aon Spiorad amháin atá ionaibh faoi mar nach bhfuil ach aon dóchas amháin agaibh ó fuair sibh bhur ngairm ó Dhia.
Níl ann ach aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin agus aon bhaisteadh amháin.
Níl ann ach aon Dia amháin atá ina Athair ag cách: é os cionn cách agus ag gníomhú i gcách agus istigh i gcách uile.
Ach tá a thabhartas féin faighte ag gach duine ar leith againn de réir mar a riar Críost orainn é,
Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe bheith ina n-aspail, do dhaoine eile bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós bheith ina n-aoirí agus ina múinteoirí,
d’fhonn na naoimh a chur in oiriúint dá ndualgas, mar atá, corp Chríost a thógáil mar theach;
go dtí go mbeimid go léir tagtha chun aontacht chreidimh agus chun aontacht eolais ar Mhac Dé nó go mbeimid tagtha in inmhe, ar chomhchéim le Críost féin agus é i mbun a mhéide.

Leabhar na Salm 19(18),2-3.4-5.
Fógraíonn na spéartha glóir Dé
agus foilsíonn an fhirmimint saothar a lámh.
Insíonn na laethanta an scéal dá chéile
agus tugann na hoícheannta an t-eolas dá chéile.
Ní chluintear caint ná canúint ná briathar
cé go ngabhann a nglór i ngach uile thír
agus a bhfocail go críocha imchiana na cruinne.
Is iontu a chuir sé a bhoth don ghrian

Soiscéal Naofa Íosa Críost de réir Mhatha 9,9-13.
San am sin, bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D’éirigh seisean agus lean sé é.
Ina shuí chun boird dó sa teach, tháinig mórán de na poibleacánaigh agus de na peacaigh agus shuigh siad isteach le hÍosa agus lena dheisceabail.
Nuair a chonaic na Fairisínigh é sin, dúirt siad lena dheisceabail: “Cén fáth a mbíonn bhur máistir ag ithe leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?”
Chuala sé iad agus dúirt: “Ní ag na daoine slána a bhíonn gá le lia ach ag na daoine tinne.
Ní miste daoibh a chiall siúd a fhoghlaim: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt.’ Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch.”
Sliocht as na h-aistriúcháin liotúirgeacha an Bhíobla - © An Sagart, Maigh Nuad 2000, Éire
- Seirbhís saor in aisce ó Soiscéal an Lae - Chun r-phost len Soiscéal a fháil gach lá ar maidin, soiscealanlae.org